Mindlock Comic (Irish)

Is faoi Shomhairlín atá an scéal Glas Intinne; gnáthdhuine ar a sheanturas abhaile óna chuid oibre.

Cuireann an scéal síos ar an streachailt phríobháideach inmheánach s’aige le smaointí agus le mothúcháin dhiúltacha. Léiríonn sé fíorthaithí na rannpháirtithe, a roinn a gcuid smaointí agus mothúchán go fonnmhar agus ag súil leis go dtiocfadh daoine eile leo agus go lorgfaidís cuidiú in áit a bheith ag fulaingt os íseal.

Nuair a bhíonn strus laethúil leanúnach ann nó nuair thagann na húdair struis ar fad le chéile in éineacht, is féidir leo a bheith an-iomarcach. D’fhéadfadh na fadhbanna an lámh in uachtar a fháil ar an tsaol agus deacrachtaí giúmair mar imní nó dúlagar teacht dá barr seo. Dá réir sin, d’fhéadfaí strus sa bhreis tarlú inár gcaidrimh nó inár gcúinsí.

Ar an drochuair, is rud coitianta ag go leor dúinn an fáinne fí seo. Má tá tusa nó duine a bhfuil aithne agat air/uirthi ag streachailt le deacrachtaí giúmair, ní i d’aonar atá tú. Sa Ríocht Aontaithe faoi láthair, tá deacrachtaí meabhairshláinte ag duine as ceathrar. Tá cur síos ar chomharthaí imní agus dúlagair ar an leathanach cúil, mar chuidiú agat iad a aithint. D’fhéadfadh daoine atá mór leat a thabhairt faoi deara nach bhfuil tú agat féin sula dtugann tusa faoi deara é. Ba chóir duit labhairt le do Dhochtúir Teaghlaigh má tá tú in amhras faoi imní nó faoi dhúlagar a bheith ort. Chomh maith leis sin tá, acmhainní agus foinsí le fáil ar an leathanach cúil.

Scríbhneoir An Dr Laura Lavery Scríbhneoir agus Maisitheoir Jim Lavery Aistritheoirí An Dr Ephrem Bogues & An Dr Gearóid Ó Domagáin

An-aitheantas d’úsáideoirí na seirbhísí agus do bhaill foirne Shíceolaíocht Chliniciúil agus Teiripí Síceolaíocha, Iontaobhas an Oirdheiscirt.

Related Articles

Responses

Your email address will not be published. Required fields are marked *